Anach Cuan
Má fhaighimse sláinte is
fada a bheas trácht ar
an mhéid a bathadh
as Anach Cuan.
Mo thrua amárach gach
athair is máthair
bean is páiste atá
sileadh súl.
A Rí na ngrasta, a
cheap neamh is Párthas,
nár bheg an tábhacht
dúinn beirt nó triúr?
Ach lá chomh breá leis
gan gaoth gan báisteach
is lán an bháid acu
a scuabadh ar siúil.
Nár mhór an t-íonadh os comhair
na ndaoine
a bhfeiscint sínte
ar chúl a gcinn?
Screadadh is caoineadh
a scanródh daoine,
gruaig á cíoradh is
an chreach á roinn.
Bhí bhuchaillí óga
ann, tíocht an fhómhair,
á síneadh ar chróchar
is á dtabhairt go cill.
Is gurbh é gléas a
bpósta a bhí á dtorramh
is, a Dhia na glóire,
nár mhór an feall?
Loscadh sléibh agus scalladh
cléibhe
ar an áit ar éagadar
is milleán crua,
mar is iomaí créatúr
a d'fhág sé ag géarghol,
ag sileadh is ag éagaoin
gach maidin Luain.
Ní díobháil eolais
a chuir dá treoir iad
ach mí-adh mór a bhí
sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú an amhráin
gur báthadh mórón
is d'fhág ábhar
dóláis ag Anach Cuan.